18ú haois. 13.1" X 8", ach cuid de na duilleoga beagán níos lú ná sin. Lámhscríbhinn mhór í seo a cuireadh le chéile de réir a chéile. Is fusa líon na lch a dhéanamh amach de réir na gcodanna: (a) Bhí 340 + lch anseo ar dtús; dealraíonn sé go ndearnadh dearmad laghd- aithe d’aon san uimhriú ar dhuilleoga atá caillte anois. Tá 10 lch agus Igh eile tar éis 339i. caillte. Tá duilleoga sractha freisin (cf. infra); (b)32 lch, gan ach 1-18 uimhrithe agus stráice caillte ó bhun lgh 1-6; (c) 60 lch, uimhrithe 1-57, agus na trí lgh eile gan uimhriú agus le léamh aniar; (d) 4 lch ceangailte 2-1-4-3, agus 4 dhuilleog; leath d.4 sractha chun siúil; (e) Tá dhá uimhriú ar chuid de na lgh anseo; leantar uimhriú a thosaíonn le 3 (lgh 1-2 caillte); téann seo 3-105, ach tá lgh 3-4 ceangailte ar dtuathal; tá ‘6’ faoi dhó; tá lgh 32-35 caillte; tá lgh 68-9, 102-3 sractha, agus cúpla lch bán (cf. infra), (f) 18 lch, áirithe go haibítreach, ach ceann idir D agus E fágtha gan áireamh.
Micheál Ó Longáin/ Michael Long a scríobh an t-iomlán, ach nithe fánacha thall is abhus (cf. (a) 335m.; (b) 18m.). Tugann sé dáta 8-12- 1759 ag 18m. Is dócha go raibh H. I. 18 (i Leabharlann Choláiste na Tríonóide) mar fhoinse aige do chuid den ábhar. Tá liosta leabhar ag (c) 60-59-58 ó láimh eile, lámh an Easpaig Seán Ó Briain, pátrún an leabhair, is é is dóichí; d’fhágfadh sin gurb é clár a leabharlainne atá anseo. Tá breacaireacht ó lámha difiriúla thall is abhus. Tá dáta‘1781’ le síniú ‘Cornelius O’Brien’ ar (f) Q m. Tá síniú: ‘Cormac O Fithcheallaigh’, úinéir is dócha, ar (a)3i. agus (b) 17i.; tá cuid de na ceartúcháin etc. ina pheannaireacht.
Tá an Is seo ceangailte go slachtmhar i maothleabhar dearg. Comhartha na dTrí gCoinneal a cheangail is clos dom. Tá duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. Tá an seanchlúdach leathair a bhí ar an Is greamaithe laistigh den chlúdach nua. Tá armas greanta air sin chun tosaigh, agus nóta le peann luaidhe os a chionn: ‘Original binding. Episcopal arms of John O’Brien Bishop of Cloyne and Ross 1748-67’. Ó nádúr an ábhair, is furas a mheas gur don easpag seo go háirithe a scríobh Micheál Mac Pheadair Uí Longáin an Is seo. Tá ainm an easpaig go tútach ar (f) lch R.